Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Ach seachnaidh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Acht bígidh ar bhur gcoimhéad ar na daoine. Óir bhéarfaidh siad ar láimh sibh i gcómhairleacha, agus sciúrsálfaidh siad sibh ina sineagóga:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Acht seachnaidh sibh féin ar na daoinibh: óir do‐bhéaraidh siad ar láimh sibh do na cómhairlibh, agus sciúrsálfaidh siad sibh ’n‐a sionagógaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Achd bídhidh ar bhur gcoimhéd ar na dáoinibh: óir do bhéuraid síad a láimh sibh do chomhairleachaibh, agus sgíursfuid sibh ann siónagógaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:17
26 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle go léir ag lorg fiadhnaise bréige i n-aghaidh Íosa, chun go ndaorfaidís chun bháis é;


Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.


Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha.


Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin.


Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.


Ansan do chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a lán mírbhúiltí?


Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.


Ansan, go tapaidh, chuir na bráithre Pól chun na farraige; ach d’fhan Sílas agus Tímoteus sá n-áit.


Agus dubhartsa: A Thighearna, is eól dóibh go mbínnse ag cur na ndaoine a chreid ionat-sa isteach i bpríosún agus ’ghá mbualadh ins na sinagógaibh;


Agus ins na sinagógaibh go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus chuirinn fhiachaibh ortha diamhasladh dhéanamh, agus do méaduigheadh mo bhuile ’n-a gcoinnibh i dtreó go mbhínn ’ghá ngéarleanmhaint isteach ins na catharachaibh iasachta féin.


Agus d’iarr sé air leitreacha thabhairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de ’n tslígh sin, go dtabharfadh sé leis iad gabhtha go Ierúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí