Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; bʼfhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus nuair a tháinic sé amach ar an talamh thirim, casadh air fear áirithe a raibh deamhan ann le fada an lá, agus ní bhíodh aon tuinnte éadaigh air, agus ní dhéanadh sé cómhnaidhe i dtig, acht ins na tuambaí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus nuair tháinig sé i dtír, do casadh air fear áirithe as an gcathair go raibh deamhain ann; agus nach raibh éadaighe air ar feadh i bhfad, agus nár chómhnuigh i n‐aon tigh, acht amháin ins na tuamaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach dá chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:27
8 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan ’gha mhilleadh, ’n-a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é ’n-a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha.


Agus do sheóladar an long go tír na nGerasénach atá ar aghaidh Ghaililí anonn.


Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí