Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rád le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus dubhairt sé leo: Cá bhfuil bhur gcreideamh? Agus bhí eagla agus iongantas ortha, agus dubhairt siad le n-a chéile: Cé h-é, dar leat, é seo, óir bheir sé órdughadh do ghaotha agus do mhuir, agus géilleann siad dó?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus adubhairt sé leo, Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Agus do bhí eagla ortha agus do bhí iongnadh mór ortha, agus iad g‐á rádh le n‐a chéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaothaibh agus do na tonnaibh féin, agus go n‐umhluighid dó?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid síad dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:25
16 Tagairtí Cros  

Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna.


Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus thánadar chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an dár againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas.


Agus do sheóladar an long go tír na nGerasénach atá ar aghaidh Ghaililí anonn.


Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí