Lúcás 11:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)42 Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan rúd do leigint ar lár. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)42 “Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara42 Acht is mairg díbh-se, a Fhairisíneacha, óir díolann sibh deachmhadh an mhiontais agus na ruibhe agus gach uile luibhe, agus fágann sibh cóir agus carthannacht Dé gan chóimhlíonadh. Ba chóir díbh iad seo a dhéanamh, agus gan iad siúd d’fhágáil gan déanamh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)42 Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)42 Achd is anáoibhinn dáoibh, a phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201242 “Ach is mairg daoibhse, a Fhairisíneacha, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198142 “Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár. Féach an chaibidil |
Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár.