Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Acht tabhairigidh déirc as an méid a bhíos fágtha, agus féach, bíonn gach nídh glan díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Ar a nadhbharsin tábhruidh deíre uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh; agus, féuch, bíaidh na huile neitheghan díbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:41
37 Tagairtí Cros  

Óir táid na boicht i gcómhnuighe agaibh i nbhúr bhfochair, ach ní’lim se i gcómhnuighe agaibh.


An t-é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh.


Mar ní théigheann sé isteach ’n-a chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.


Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise.


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Agus do labhair an guth airís leis: An nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air!


Agus do bheartuigh na deisgiobuil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n-a gcómhnuighe i nIúdaéa.


Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrá-lach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí