Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg, duit-se, a Bhetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbhúiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu ’n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaithrigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Is mairg duit, a Chorosáin, is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-se, bhéadh aithrighe déanta i bhfad ó shoin acu, agus iad ina suidhe i n-éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Is mairg duit, a Chórasin! is mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na míorbhailte do rinneadh ionnaibh‐se, is fada ó bhéadh aithrighe déanta aca, agus iad ’n‐a suidhe i n‐éadach róin agus i luaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 “Is mairg duit, a Chorazain! is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:13
17 Tagairtí Cros  

Lean orainn:

Fógraí


Fógraí