Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 20:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a nuáir theithfios an té sin go cathruigh dhíobh sin seasfuidh sé ag dul a steach gheata na caithreach, agus foillseochuidh sé a chúis a gclúasuibh shinnsear na caithreach sin, agus géabhuid síadsan chuca don chathruigh é, agus do bhéaruid áit dó, a bhfanfuidh sé na measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 20:4
8 Tagairtí Cros  

A nuáir do chuáidh mé amach chum an gheata thríd an ccathruigh, a nuáir do ghléusuinn mo shuidheachan annsa tsráid!


Atáid a chlann a bhfad ó dhaingion, agus atáid brúite san gheata, ní mó atá aóinneach dá ttárthail.


Ná cruinnigh manam lé peacachuibh, ná mo bheatha ré daóinibh fuilteacha:


Aithnighthear a fear annsna geatadhuibh, a nuáir shuighios sé a measg shinnsior na tíre.


¶ A nois a nuáir do chúaluidh Ebed‐melech an Tetíopeach, áon do na seomradóiribh do bhí a ttigh an rígh, gur chuireadar Ieremiah annsa chárcair; (an rígh na shuighe an tan sin a ngeata Bheniamin;)


Ionnas tré dhá ní dóatharruidh, ann nach féidir lé Día bréug do dheunamh, go mbeith meanma láidir aguinne, ag rioth chum greamuighthe don dóthchas atá romhuinn:


Iondus go bhféadfadh an marbhthóir noch marbhus duine go neimhchiontach agus gan fhios teitheamh ionta: agus béid na ndídean agaibh air dhioghaltach na fola.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí