Iósua 20 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XX. Sé caithreacha dídin, orduighthe le Día: 7 Agus ar na ccinneadh le Hisrael. 1 Do labhair an TIGHEARNA mar an gcéadna ré Iosua, gha rádh, 2 Labhair ré cloinn Israel, gha rádh, Orduighidh amach dhaóibh féin caithreacha dídin, air ar labhair misi ribh le láimh Mhaóise: 3 Iondus go bhféadfadh an marbhthóir noch marbhus duine go neimhchiontach agus gan fhios teitheamh ionta: agus béid na ndídean agaibh air dhioghaltach na fola. 4 Agus a nuáir theithfios an té sin go cathruigh dhíobh sin seasfuidh sé ag dul a steach gheata na caithreach, agus foillseochuidh sé a chúis a gclúasuibh shinnsear na caithreach sin, agus géabhuid síadsan chuca don chathruigh é, agus do bhéaruid áit dó, a bhfanfuidh sé na measc. 5 Agus má ní dioghaltach na fola tóruigheachd na dhiáigh, annsin ní thoirbheoruid síad an marbhthóir ann a láimh; do chionn gur bhuáil sé a chomharsa gan fhios dó féin, agus nach raibh fúath aige roimhe a naimsirsin air. 6 Agus fanfuidh se annsa chathruigh sin nó go seasuidh sé a bhfiadhnuise chomhchruinnigh an bhreitheamhnuis, agus go ló bháis a nárdshagairt bhías annsna láethibh sin: agus annsin fillfidh an marbhthóir, dá chathraigh féin, agus dá thigh féin, don chathruigh ó ar theith sé. 7 ¶ Agus do chinneadar Cédes an sa Ghalile a slíabh Naphtali, agus Sechem a slíabh Ephraim, agus Ciriat‐arba eadhon Hebron, a slíabh Iúdah. 8 Agus ar an ttaóibh oile do Iordan láimh ré Iericho táobh shoir, do orduigheadar Béser an sa bhfásach ar an réiteach amach as treibh Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treibh Ghad, agus Golon a Mbasan as treibh Mhanasseh. 9 Is íadso na caithreacha do hórduigheadh do chloinn Israel uile, agus coimhidheach bhíos ar chuáirt na measc, chor gidh be mhuirfeadh duine go nemhchiontach go bhféadfadh teithiomh ionta sin, agus nach muirfidh é le láimh dhíoghaltóra na fola, nó go seasadh sé a lathair an chomhchruínnigh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society