Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 20:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Is íadso na caithreacha do hórduigheadh do chloinn Israel uile, agus coimhidheach bhíos ar chuáirt na measc, chor gidh be mhuirfeadh duine go nemhchiontach go bhféadfadh teithiomh ionta sin, agus nach muirfidh é le láimh dhíoghaltóra na fola, nó go seasadh sé a lathair an chomhchruínnigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 20:9
5 Tagairtí Cros  

Agus biáidh sé caithreacha dídin aguibh do na caithreachuibhsin do bhéurtháoi uáibh.


Béid na sé caithreacha sin na ndídean, aráon do chloinn Israel, agus don choimhidhtheach, agus don nfhios cúarta eatorra: chor go tteithfeadh gach áon do ní marbhadh annsin.


Agus a nuáir theithfios an té sin go cathruigh dhíobh sin seasfuidh sé ag dul a steach gheata na caithreach, agus foillseochuidh sé a chúis a gclúasuibh shinnsear na caithreach sin, agus géabhuid síadsan chuca don chathruigh é, agus do bhéaruid áit dó, a bhfanfuidh sé na measc.


Agus fanfuidh se annsa chathruigh sin nó go seasuidh sé a bhfiadhnuise chomhchruinnigh an bhreitheamhnuis, agus go ló bháis a nárdshagairt bhías annsna láethibh sin: agus annsin fillfidh an marbhthóir, dá chathraigh féin, agus dá thigh féin, don chathruigh ó ar theith sé.


Agus ar an ttaóibh oile do Iordan láimh ré Iericho táobh shoir, do orduigheadar Béser an sa bhfásach ar an réiteach amach as treibh Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treibh Ghad, agus Golon a Mbasan as treibh Mhanasseh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí