Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 20:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Iondus go bhféadfadh an marbhthóir noch marbhus duine go neimhchiontach agus gan fhios teitheamh ionta: agus béid na ndídean agaibh air dhioghaltach na fola.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 ‘Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 20:3
8 Tagairtí Cros  

Ann sin a dubhairt sisi, Guidhim thú, cuimhnigheadh an rígh do THIGHEARNA Día, ná fuiling do dhioghaltach na fola nios mó do mharbhadh, deagla go muirfidis mo mhacsa. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, ní rachuidh ruibe do ghruáig do mhíc chum na talmhan.


Labhair re cloinn Israel, ga rádh, Ma pheacúigheann anum tré ainbhfios a naghuidh éanaithne an TIGHEARNA, (a ttáobh nitheadh nár chóir do dhéanamh,) agus go ndéana sé ní a naghaidh éan dhíóbh.


Agus béid aguibh na gcaithreachaibh dídin ón dioghaltach; chor nach éugfuigh an dúnmharbhtóir, nó go seasuidh sé a lathair an chomhchruinnigh a mbreitheamhnus.


Dioghaltóir ná fola is é féin mhuirfeas an dúnmharbhthóir: a nuáir theigeamhas sé ris, muirfidh sé é.


Ach má sháitheann sé é go hobann gan námhadus, nó má chaith éinní ris gan a bheith a noirchill air,


Ionnas tré dhá ní dóatharruidh, ann nach féidir lé Día bréug do dheunamh, go mbeith meanma láidir aguinne, ag rioth chum greamuighthe don dóthchas atá romhuinn:


Labhair ré cloinn Israel, gha rádh, Orduighidh amach dhaóibh féin caithreacha dídin, air ar labhair misi ribh le láimh Mhaóise:


Agus a nuáir theithfios an té sin go cathruigh dhíobh sin seasfuidh sé ag dul a steach gheata na caithreach, agus foillseochuidh sé a chúis a gclúasuibh shinnsear na caithreach sin, agus géabhuid síadsan chuca don chathruigh é, agus do bhéaruid áit dó, a bhfanfuidh sé na measc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí