Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar; ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Is milis do nanam an fonn do choimhlíonadh: acht is adhfhúathmhaireacht do na hamadánaibh dealughadh ris a nolc.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:19
17 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”


Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh.


Seachain an t‑olc, déan an mhaith agus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.


Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí; ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.


Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.


Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.


Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime.


Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí