Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Bídh bochtuine agus náire don té dhíultas teagasg: acht an té agá mbí meas air achmhusán onórthar é.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:18
15 Tagairtí Cros  

Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.


An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.


An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin; ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.


Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar; ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.


Caitheann an fíréan a sháith, ach bíonn goile an urchóidigh follamh.


Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.


Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial; is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.


Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.


Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.


Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.


Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”


Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí