Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 70:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus m'anam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Go mba é a náiriú in am ghairid a luaíocht: don dream a bhíos ag glaoch, Seo, seo, liom.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Go bhfhilltear iadsan air a nais, Mar luaidheacht cheart da náir’; An dream a deir go fonóideach, Aha, aha, le táir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Filltior air a nais, íad do luaidheacht a náire noch a deir, Aha, aha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus mʼanam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 70:3
10 Tagairtí Cros  

Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu: “Há, há! Nach bhfacamar féin é!”


Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!” Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”


Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach ar a bhfuil fonn mo mharaithe; go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.


Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m'anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar.


Beidh mo theanga ag trácht ar d'fhíréantacht i gcaitheamh an lae ar fad, toisc gur cuireadh nuar agus náire ar an drong atá ar tí mo dhíobhála.


Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;


“A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: ‘Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,’


Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’,


Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí