Salm 70:2 - An Bíobla Naofa 19812 Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. Féach an chaibidilAn tSaltair 1965 (Ó Cuinn)2 Bíodh náire agus díomua ar an dream atá ag iarraidh mʼanma: cuirtear ar gcúi agus cuirtear ceann faoi ar an dream a mbíonn olc acu dom. Féach an chaibidilPsalma Dhaibhí 18362 Bidh náre orra, ’siad an drong, ’Tá’g iarraigh m’anam bocht. Filltear an dream úd ár a nais, An locht ag iarruigh tha; Mor‐amhgar go raibh orra súd, A’s goradh gruaidh gach la. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Bíodh náire orra agus bídís cláoidhte, noch íarrus manam: filltior air a nais, agus náirighthear, an lucht íarrus mo dhioghbháil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. Féach an chaibidil |
Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: “Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,” sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.