Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 70 - An Bíobla Naofa 1981


Blogh

1 Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.

2 Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

3 Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus m'anam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

4 Go ngabha ar ais faoi mhearbhall an drong a deir liom: “Há, há!”

5 Go ndéana a mbíonn do d'iarraidh ríméad agus gairdeas. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh le Dia!”

6 Ós dealbh dearóil mé, tar chugam, a Dhia. Is tú mo chabhair is m'fhuascailteoir, ná moilligh, a Thiarna!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí