Rut 2:20 - An Bíobla Naofa 198120 Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Agus a dubhairt Naomi ré na bainchliamhuin, Go madh beannuigh eision ón TTIGHEARNA, noch nar dhearmuid a chinéul don bheó agus don mharbh. Agus a dubhairt Naomi ría, Atá an te sin fogus a ngáol dúinn, áon do na dáoinibh gáoil is foigsi dhúinn. Féach an chaibidil |
Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”