Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Rut 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil II. Rút ag Dioghluim na ndéasa arbha a machaire Bhóas, ata so ag inniseadh ge thaínig dhe.

1 Agus do bhi fear gaóil ag Naomi a ttaobh a fir, duine cumhachdach a saidhbhrios, do shliochd Elimelech; agus a sé dob ainm dhó Boas.

2 Agus a dubhairt Rút an Moabíteach re Naomi, Léig dhamhsa a nois dul fan machaire, chum déasa arbha do dhioghluim a ndiáigh an té a bhfagha mé grása iona radharc. Agus a dubhairt sisi ría, Imthigh a inghean.

3 Agus do imthigh sisi, agus tháinic sí, agus do bhí ag díoghluim déus a ndiaigh na mbuainaigh annsa mhachaire: agus tárla a ndán di teagmháil ar an gcuid dón mhachaire noch fa le Boas, noch do bhí do shliochd Elimelech.

4 ¶ Agus, féach, tháinig Boas ó Bhetlehem, agus a dubhairt ris na buanuighibh, Go raibh an TIGHEARNA maille ribh. Agus do fhreagradarsan é, go mbeanuigh an TIGHEARNA thusa:

5 Ann sin a dubhairt Boas re na shearbhfhoghantuigh do fhuirigh ós cionn na meithle. Cía ar leis an cailínsi?

6 Agus do fhreagair an searbhfhoghantuigh do cuireadh ós cionn na meithle, agus a dubhairt, Ag so an cailín Mhóabiteach tháinic ar a haís as tír Mhóab lé Naomi;

7 Agus a dubhairt sí, Guidhim thú, léig dhamh déasa do dhioghluim agus do thionól a ndiaigh na meithle a measc na bpunann: mar sin do tháinic sí, agus dfan ó mhaidin gus a nois, achd gur fhan sí tamall beag annsa tigh.

8 Ann sin a dubhairt Boas re Rút, Nach ccluin tú, á inghean? Ná héirígh do dhioghluim aír áon mhachaire oile, agus ná fág so, achd fan ann so go daingion a naice mo chailíneadhsa:

9 Bídis do shúile ar an mhachaire a mbéid síad ag buáin, agus lean íad: nach ar fhúagair misi do na hogánuibh gan buáin ríot? agus a nuáir bhías tart ort, imthigh chum na soitheach, agus ibh deoch as an ní do thairngiodar na hóganuigh.

10 Ann sin do thuit sisi air a haghaidh agus do umhluigh sí í féin gus an ttalamh, agus a dubhairt ris, Cred fá bhfuáir misi grása ann do radharc, as a mbéarthá aithne orum, agus mé am choimhitheach?

11 Agus do fhreagair Boas, agus a dubhairt ría, Do taisbeanadh dhámhsa go hiomlán, a nuile ní dá ndéarna tú dot bhainchliamhuin ó fuáir thfear bás: agus mar dfág tú hathair agus do mhathair, agus an tír ann ar rugadh thú, agus mar tháinic tú a ccionn daoine nar bhaithnidh dhuit roimhe so.

12 Go ccúitigh an TIGHEARNA do shaothar riot, agus go bhagha tú luaidheachd iomlán ón TIGHEARNA Día Israel, a ttáinic tú fa na sciathánuibh, do chur dóthchuis ann.

13 Ann sin a dubhairt sí, Faghaim fabhar ad lathair, á thighearna; do chionn go ttúg tú sólás damh, agus gur labhair tú go muinnteardha red sheirbhiseach, matá nach bhfuilim cosmhuil re haon dot chailinibh féin.

14 Agus a dubhairt Boas ría, Tárr annso a naimsir bídh, agus ith don narán, agus tum do ghreim annsa bhfinéagra. Agus do shuigh sí láimh ris na buainaighibh: agus do sheachuid sesion grán doíte dhi, agus duaidh sí, go raibh sí saitheach, agus gur fhág sí fuighioll.

15 Agus a nuáir do eírigh sí suás do dhioghluim, do áithin Boas dá óganachuibh, ga radh, Ná bacaidh dhi dhioghluim do dhéanamh a measc na bpunnann, agus ná cuiridh naíre uirre.

16 Agus léigidh tuitim do chuid do na dórnanuibh ar lár déantoisg roimpe, agus fágbhuidh iad, go ndioghluimidhsi iad, agus na haithisighidh í.

17 Marsin do rinne sí dioghluim annsa mhachaire go tráthnona, agus do lom sí ar dhioghluim sí: agus do bhí sé timchioll ephah eórna.

18 ¶ Agus do thóg sí ar a muin é, agus do chúaidh don chathruigh: agus ar bhfaícsin dá mathairchliamhuin ar dhioghluim sí: agus gur tharruing sí amach, agus go ttug dhi ar thaisgidh sí déis bheith sáitheach.

19 Agus a dubhairt a mathairchlíamhuin riá, Cáit a ndéarna tú dioghlum a niugh? agus cáit ár sháorthaigh tú? go madh beannuigh an té do chuir aithne ort. Agus dinnis sisi dá mathairchlíamhuin cía a bhfochair ar dhioghluim sí sin, agus a dubhairt sí, A sé ainm an té a bhfochair ar sháorthuigh mé a niugh, Boas.

20 Agus a dubhairt Naomi ré na bainchliamhuin, Go madh beannuigh eision ón TTIGHEARNA, noch nar dhearmuid a chinéul don bheó agus don mharbh. Agus a dubhairt Naomi ría, Atá an te sin fogus a ngáol dúinn, áon do na dáoinibh gáoil is foigsi dhúinn.

21 Agus a dubhairt Rút an Moabíteach, A dubhairt sé fós riom, caithfidh tú bheith go daingion láimh rem ógánachaibh, nó go ccríochnuighid síad mfoghmhar uile.

22 Agus a dubhairt Naomi re na bainchliamhuin Rút, Is maith, do dhéana tusa a inghion, dul amach lena chailínibhsion, chor nach tteagmhaid riot a néanmhachaire oile.

23 Marsin dfan sí go cinnte a bhfochair chailíneadh Bhoas do dhioghlum go deireadh foghmhair na heórna agus fhoghmhair na cruithneachda; agus do rinne sí comhnuighe a bhfochair a mathairchleamhna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí