Rut 2:19 - An Bíobla Naofa 198119 Dúirt máthair a céile léi: “Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!” Ansin d'inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: “Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus a dubhairt a mathairchlíamhuin riá, Cáit a ndéarna tú dioghlum a niugh? agus cáit ár sháorthaigh tú? go madh beannuigh an té do chuir aithne ort. Agus dinnis sisi dá mathairchlíamhuin cía a bhfochair ar dhioghluim sí sin, agus a dubhairt sí, A sé ainm an té a bhfochair ar sháorthuigh mé a niugh, Boas. Féach an chaibidil |