Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Ach thug mé freagra orthu: “Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Annsin do fhreagair misi íad, agus a dubhairt mé ríu, Cuirfe Día neimhe, air ar naghaidh sinn; uimesin sinne a sherbhísigh éireochum, agus do dhéanam obair: acht ní bhfuil roinn, nó ceart, nó chimhniughadh aguibhsi ann Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:20
21 Tagairtí Cros  

Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air.


D'fhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: “Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a d'ordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.”


Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.


“Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin


Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón, nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,


Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit.


Go dtuga sé mianta do chroí duit, go gcomhlíona sé do bhearta go léir.


Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte, agus abraidís gan sos: “Moladh leis an Tiarna lenarb áil sonas a sheirbhísigh!”


Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.


Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d'fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.


Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.


tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.


Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite.


Cuirfear an choróin i dTeampall an Tiarna mar thoirbhirt chuimhneacháin ar Haldae agus ar Thóibiá agus ar Iadáia agus ar Ióisíá, mac Zafainiá.”


In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”


‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé.


Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.


Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí