Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 2:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d'fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Acht a núair do chúaluidh Sanballat an Horoniteach, agus Tobiah an serbhfhoghantuigh, Ammoniteach, agus Gessem an Tarábianach, sin, do gháireadar go tarcuisneach fúinn, agus thugadar neimhchion oruinn, agus a dubhradar, Cred é an ní si do nithi? an rachfuidh a gceannairc a naghaidh an rígh?

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 2:19
22 Tagairtí Cros  

Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.


Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.


Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n‑iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,


Seo mar a bhí scríofa inti: “Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí;


Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.


Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n‑aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.


Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire; óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas.


Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.


Bheathaigh tú iad le harán na ndeor; agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.


Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana; agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.


An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m'éadan?


Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm a fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!” Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.


Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.


“Imígí libh,” ar seisean, “ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,” ach bhí siad ag magadh faoi.


Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí.


Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”


Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”


Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.


D'fhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhreacha agus príosún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí