Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An sin déirigh Eliasib an tárdsagart súas gon a dhearbhráithribh na sagairt, agus do chuireadar geata na ccáorach súas; do náomhuigheadar é, agus do chuireadar comhladha ris; ó thor Meah air fad go tor Hananeel, do náomhuigheadar é.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 3:1
19 Tagairtí Cros  

Ba iadsan ceannairí na sagart agus a ngaolta i laethanta Iéisiúa.


ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad.


Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],


Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.


Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,


Taobh leis-sean rinne Bárúc mac Zabaí stráice eile a dheisiú ón Uillinn chomh fada le doras theach Eiliáisíb an t‑ardsagart;


taobh leis-sean rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz stráice eile a dheisiú ó dhoras theach Eiliáisíb go dtí a cheann eile;


Rinne na gaibhne óir agus na ceannaithe a bhfuil idir seomra uachtair an chúinne agus Geata na gCaorach a dheisiú.


Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -


Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).


Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.


gairdíonn Cnoc Shíón. Tá áthas ar iníonacha Iúdá de bharr do bhreithiúnais.


Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.


Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir, agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.


Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.


Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.


“Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: ‘An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí