Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 12:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Cinn finí na Léivíteach: Haisibiá, Séiribiá, Iéisiúa, [Bionúi,] Caidmíéil; agus a ngaolta mar mhalairt cóir d'iomainn mholta agus buíochais, de réir reachtanna Dháiví, giolla Dé, iad buíon ar bhuíon .i.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Dob íad Mattaniah, agus Bacbuciah, Obadiah, Messullam, Talmon, Accub, bá doirseóirigh ag coimhead na faire ag tairseachaibh na ngeatadh.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 12:25
10 Tagairtí Cros  

D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”


I bhfeighil Theampall an Tiarna dóibh, leanaidís gnásanna Bhoth na Teagmhála, gnásanna an tsanctóra agus gnásanna a ngaolta, clann Árón.”


Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna.


Thit an crann don taobh theas ar Obaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac.


ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh;


Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.


Scairt an fear faire ansin: “Ar thúr na faire, a Thiarna, tá mé i mo sheasamh an lá ar fad, agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí