Nihimiá 12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XII. Sliocht na sagart. 27 Agus féusta choisreagtha an bhuile. 1 Anois is íadso na sagairt agus na Lebhítigh do chuáidh súas le Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua: Seraiah, Ieremiah, Esra, 2 Amariah, Malluch, Hattus, 3 Schecaniah, Rehum, Merimot, 4 Iddo, Ginneto, Abiiah, 5 Míamin, Maadiah, Bilgah, 6 Semaiah, agus Ioarib, Iedaiah, 7 Sallu, Amoc, Hilciah, Iedaiah. Dob íad so togha na sagart agus a ndearbhrathar a láethibh Iessua. 8 Os a chionn sin na Lebhitígh: Iessua, Binnui, Cadmiel, Serebiah, Iúdah, agus Mattaniah, noch do bhí ós cionn an naltuigh, é féin agus a dhearbhráithre. 9 Mar an ccéadna Bacbuciah agus Unni, a ndearbhráithre, do bhádar as a ccoinne thall annsa bhfaire. 10 ¶ Agus do ghein Iessua Ioiacim, do ghein Ioiacim mar an ccéadna Eliasib, agus do ghein Eliasib Ioiada, 11 Agus do ghein Ioiada Ionatan, agus do ghein Ionatan Iaddua, 12 Agus a láethibh Ioiacim do bhádar sagairt, do príomhchuid na haithribh: ó Sheraiah, Meraiah; ó Ieremiah, Hananiah; 13 O Esra, Mesullam; ó Amariah, Iehohanan; 14 O Mhelicu, Ionatan; ó Shebaniah, Ióseph; 15 O Harim, Adna; ó Mheraiot, Helcai; 16 O Iddo, Sechariah; ó Ghinnetón, Mesullam; 17 O Abiiah, Sichri; ó Mhiniamin; ó Mhoadiah, Piltai; 18 O Bhilgah, Sammua; ó Shemaiah, Iehonatan; 19 Agus ó Ioiarib, Mattenai; ó Iedaiah, Ussi; 20 O Shallai, Callai; ó Amoc, Eber; 21 O Hilciah, Hassabiah; ó Iedaiah, Netaneel. 22 ¶ Na Lebhítigh a láethibh Eliasib, Ioiada, agus Iohanan, agus Iaddua, do scríobhadh íad mar chéann air na haithribh: na sagairt mar an ccéadna, go láethibh Dárius an Persianach. 23 Do scríobhadh mic Lebhi, cinn na naithreadh, a leabhar na croinice, eadhon go laéthibh Iohanan mhic Eliasib. 24 Agus cinn na Lebhíteach: Hassabiah, Serebiah, agus Iessua mhac Cadmiel, maille re na ndearbhráithribh thall as a ccuinne, do mholadh agus do bhreith buidhe, do réir aithne Dháibhi ógluigh Dé, faire as coinne faire. 25 Dob íad Mattaniah, agus Bacbuciah, Obadiah, Messullam, Talmon, Accub, bá doirseóirigh ag coimhead na faire ag tairseachaibh na ngeatadh. 26 Isíad so do bhí a láethibh Ioiacim mhic Iessua, mhic Iosadac, agus a láethibh Nehemiah an túachtarán, Esra an sagart, an scribhneóir. 27 ¶ Agus ag coisreagadh bhalladha Ierusalem díarradar na Lebhítigh as a náitibh uile, dá ttabhairt go Hierusalem, do choimhéud fhéasta an choisreagtha re luathgháir, maille re breith bhuidhe, agus le céol, le cimbaluibh, le saltrachaibh, agus le cláirseachuibh. 28 Agus do chruinnigheadar clann a náosa ceóil íad féin a ccionn a cheile, as an réiteach a ttimchioll Ierusalem, agus ó bhailtibh Netophati; 29 Mar an gcéadna ó thigh Ghilghal, agus as machairighibh Gheba agus Asmabhet: óir do rinneadar an táos ceóil bailte dhóibh féin fa ccuáirt timchioll Ierusalem. 30 Agus do ghlanadar na sagairt agus na Lebhítigh íad féin, agus do ghlanadar an pobal, agus na geatadha, agus an balla. 31 Annsin thug misi súas prionnsadha Iúdah ar an mballa, agus dórduigh mé dhá chuideachda dhíobh ar an láimh dheis air an mballa go geata a naóiligh: 32 Agus na ndiáigh sin do chúaidh Hosaiah, agus leath phrionnsadha Iúdah, 33 Agus Asaríah, Esra, agus Messullam, 34 Iudah, agus Beniamin, agus Semaiah, agus Ieremiah, 35 Agus cuid áirigh do mhacaibh na sagart, go na ttrumpadhuibh; Sechariah mhac Ionatan, mhic Semaiah, mhic Mattaniah, mhic Michaiáh, mhic Saccur, mhic Asaph: 36 Agus a dhearbhráithre, Semaiah, agus Asarael, Milalai, Gilalái, Maai, Netaneel, agus Iúdah, Hanani, maille re adhbhadhuibh ciúil Dháibhi ógluich Dé, agus Esra an scribhneóir rompa. 37 Agus ag geatá an tobair, noch do bhí thall as a ccoinne, do chúadar súas a staighrighibh chaithreach Dháibhi, ag dul súas an bhalla, ós cionn tighe Dháibhi, eadhon go nuige geata a nuisge leath shoir. 38 Agus an chuideachda oile dhíobh noch thug buidheachus do chúadar anonn air a naghaidh, agus misi na ndiáigh, agus leath na ndaóine air an mballa, ón táobh thall do thor na bhfuirnéiseach go nuige an mballa leathan; 39 Agus ón taobh shúas do gheata Ephraim, agus táobh shúas don tseingheata, agus táobh shúas do gheata a néisc, agus do thor Hananeel, agus do thor Meáh, go nuige geata na ccáorach: agus do sheasadar na ccomhnuigh a ngeata an phríosúin. 40 Marsin do sheasadar an dá chuideachta dhíobh thug buidheachus a ttigh Dé, agus misi, agus leath na núachdarán maille riom: 41 Agus na sagairt; Eliacim, Maaseiah, Miniamin, Michaiah, Elioenai, Sechariah, agus Hananiah, maille re stocuibh; 42 Agus Maaseiah, agus Semaiah, agus Eleasar, agus Ussi, agus Iehohanan, agus Malchiiah, agus Elam, agus Esser. Agus do chanadar an táos ceóil go hárd, maráon le Iesrahiah a núachdarán. 43 An lásin mar an gcéadna dofráladar íodhbartha móra, agus do gháirdigheadar: óir thug Día orra gáirdeachus do dhéanamh lé sólás mór: agus do rinneadar na mná agus na leinibh mar an gcéadna luathgháir: iondus gur chlos gáirdeachus Ierusalem a cceín. 44 ¶ Agus fa namsin do horduigheadh drong ós cionn na séomradh do na hionnmhusuibh, do na hófraluibh, do na primidilibh, agus do na deachmhadhuibh, dá ccruinniughadh chuca as machairighibh na ccaithreach cuid ronna dhlisdeanach do na sagartuibh agus do na Lebhítibh: óir do gháirdígh Iúdah ar son na sagart agus na Lebhíteach do bhí ag feithiomh. 45 Agus do choimhéadadar an lucht ceóil agus na doirseóirigh faire a Ndé, agus faire an ghlanta, do réir aithne Dháibhi, agus a mhic Solamh. 46 Oír a láethibh Dháibhi agus Asaph san tseanaimsir do bhídís úachdaráin air an lucht ceóil, agus dánta molta agus buidheachus do Dhía. 47 Agus thug Israel uile úatha a láethibh Sherubbabel, agus a láethibh Nehemiah, cuid ronna a náosa ceóil agus na ndoirseóireadh, cuid gach aon laé: agus do náomhaidís do na Lebhítibh; agus do naomhaidís na Lebhitigh do chloinn Aaron íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society