Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 12:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Clann mhac Léiví: scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha na gcinn finí, ach gan dul thar am Ióchánán mac mic Eiliáisíb.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus cinn na Lebhíteach: Hassabiah, Serebiah, agus Iessua mhac Cadmiel, maille re na ndearbhráithribh thall as a ccuinne, do mholadh agus do bhreith buidhe, do réir aithne Dháibhi ógluigh Dé, faire as coinne faire.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 12:24
18 Tagairtí Cros  

“Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D'fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”


Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:


Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.


Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.


Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.


(Maidir leis na Léivítigh) le linn Eiliáisíb, Ióiádá, Ióchánán, Iadúa, scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha cinn finí na sagart, síos go réimeas Dháire, an Peirseach.


buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n‑iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,


Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.


Bhí Iéisiúa Bionúi, Caidmíéil, Seabainiá, Búiní, Séiribiá, Báiní agus Canáiní ag glaoch os ard chuig an Tiarna a nDia;


Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.


Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.


ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.


Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí