Matha 27:20 - An Bíobla Naofa 198120 Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)20 Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara20 Acht bhrostuigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí an pobal chun Barabbas d’iarraidh, agus Íosa a chur chun báis. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 Do spreag uachtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluagh, ámh, chum Barabbas d’iarraidh, agus chum Íosa do chur chum báis. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diarruigh, agus Iósa do chur chum báis. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201220 Ach dʼáitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. Féach an chaibidil |