Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus is mairg do na mná a bhéas ag iomchar cloinne, agus dóbhtha-san a bheir diúl ins na laethe sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Is mairg do lucht clainne d’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:19
12 Tagairtí Cros  

Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d'aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D'ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d'fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.


Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar.


Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.


Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”


agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh ar ais chun a bhrat a fháil.


Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná sa tsabóid,


Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí