Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Ach dʼfhreagair Íosa iad, “Tá dul amú oraibh, ó nach eol daoibh an scrioptúr ná cumhachtaí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Tá sibh ar seachrán as siocair nach eol díbh na Scrioptúirí ná cumhacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Acht d’fhreagair Iosa, agus adubhairt sé leo, Atá sibh amugha, de chionn nach bhfuil eolas agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:29
21 Tagairtí Cros  

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”


Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.


cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.


Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.


‘Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse.


Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.


San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.”


Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?


Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.”


Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.


Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?”


Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.


Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.


Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí