Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus insíodh dó, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh teacht ar dʼamharc.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh, agus fonn ortha tú d’fheiceáil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus do h‐inniseadh dhó, Atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus ba mhaith leo thú d’fheicsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus so hinniseadh dhó, ag rádh, Atá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag iarruidh tfáicsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu d’fheisgint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus bʼáil leo thú a fheiceáil.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:20
8 Tagairtí Cros  

Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.


Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.


D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”


Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre.


Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?


ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí