Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Agus dubhairt an Tighearna: A Shíomoin, a Shíomoin, bhí Satan bhur n-iarraidh, chun sibh a chriathradh mar chruithneacht;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan cead sibh‐se do chriathairt mar chruithneacht:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus dubhairt an Tighearna: A Shimóin, a Shimóin, féach, tá Sátan ag bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:31
13 Tagairtí Cros  

Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán; an té a thiomáineann rothaí na cairte air, buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú.


“Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.


Ansin thaispeain sé dom an t‑ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh.


Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.


Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”


Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.


Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?”


an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.


ar eagla go bhfaigheadh Sátan buntáiste oraibh - agus is maith is eol dúinn a chleasa siúd.


Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.


Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí