Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 20:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 mar ní fhéadann siad bás a fháil a thuilleadh, mar tá siad ar aon chéim leis na haingil agus is de chlann Dé iad, ós iad clann an aiséirithe iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Ná ní féidir dóibh bás d’fhagháil níos mó; óir tá siad cóimh-ionann leis na h-aingle agus is clann Dé iad, de bhrígh gurab iad clann na h-eiséirghe iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 óir ní féidir dhóibh bás d’fhágháil athuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirghe iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Oír ní héidir léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Óir ní fhéadfaid siad bás d’fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is cuid de chlann Dé iad ós cuid de chlann an aiséirí iad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 20:36
20 Tagairtí Cros  

cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.


Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.


“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m'aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.


Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh.


Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.


Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn;


Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás.


Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht.


Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.


Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.


Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis.


Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”


Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí