Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:43 - An Bíobla Naofa 1981

43 Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Óir tiocfaidh na laethe ort, agus cuirfidh do náimhde díog timcheall ort, agus druidfidh siad thart ort, agus cumhanglóchaidh siad thú ar gach taoibh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad thú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:43
15 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.


Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre: Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach, saighead ní scaoilfidh sé inti, sciath ní ardóidh sé ina coinne, Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.


Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.


Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí