Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ag rith ar aghaidh roimhe dó, chuaidh sé suas i gcrann shiceamóra chun é d’fheiceáil, mar go raibh sé le dul thart an bealach sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do rith sé roimhe, agus do‐chuaidh sé suas i gcrann siceamóra chum go bhfeicfeadh sé é: óir do bhí sé chum an tslighe sin do ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde ar chrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:4
11 Tagairtí Cros  

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.


bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;


D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.


D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.


Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.


Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:


Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;


Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.


bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.


Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”


Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí