Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 nach bhfaighidh mórán uair níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 nach bhfaighidh mórán níos mó ar an saol seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Nach bhfuighidh i bhfad níos mó ar an tsaoghal seo, agus beatha shíorraidhe ar an tsaoghal atá le theacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 ar son ríoghachta Dé, nach bhfaghaidh i bhfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoghal atá le teacht an bheatha shíorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an sa tsáoghal atá ag teachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an beatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 nach bhfaighidh mórán níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:30
19 Tagairtí Cros  

Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.


Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.


Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí.


Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta, ná an t‑ór is mine.


Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach.


Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d'ór agus d'airgead.


Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;


Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”


An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí