Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ach anois tá mʼintinn socair ar an rud a dhéanfas mé, ionas go nglacfaidh na daoine isteach ina dtithe mé nuair a chuirfear as an maoracht mé.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Tá a fhios agam cad é dhéanfas mé, ionnas, nuair a chuirfear as an stiubhardacht mé, go nglacaidh siad isteach ina dtighthe mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Atá a fhios agam créad do‐ghéanad, ar mhodh, nuair cuirfear mé as an maoirseacht, go nglacfaid mé ’n‐a dtighthibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnas, an tan cuirfightear as an sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chucha mé dá dtighthibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:4
6 Tagairtí Cros  

Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.


Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’


Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.


Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí