Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Ach nuair a tháinig an mac sin agat ar ól sé féin agus a chuid striapach do chuid den saol, mharaigh tú an lao biata dó!’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Acht nuair a tháinic an mac seo leat, a shlug a mhaoin i bhfochair méirdreach, mharbh tú an gamhain reamhar dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Achd an tan tháinic an macsa agad, do shlug do mhaóin a bhfochair mheirdreach, do mharbh tú an láogh bíadhta dho.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:30
10 Tagairtí Cros  

Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.


An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.


Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”


Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.


Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;


ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”


Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí