Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Ach nuair a tháinig sé chuige féin dúirt sé leis féin, ‘Nach iomaí sin duine atá ar fostú ag mʼathairse agus a sá aráin agus fuílleach acu, agus a rá is go bhfuil mise anseo ag fáil bháis leis an ocras!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus ag cuimhniughadh air féin dó, dubhairt sé: Cad é a bhfuil de lucht tuarastail i dtigh m’athar agus a sáith aráin acu, agus tá mise annseo ag fagháil bháis leis an ocras.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé, Gá mhéd luchd túarasdail matharsa agá bhfúil iomarcaidh aráin, agus misi ag dul a mugha le gorta!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag mʼathair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:17
19 Tagairtí Cros  

Rinne mé mo shlite a mheas, agus d'fhill mé ar d'fhorálacha.


Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.


I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.


Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’


Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.


De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.


Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”


Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.


Agus in ifreann dó, d'ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht.


Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.


Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”


Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”


agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí