Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Nuair a bhí na sluaite ag méadú, thosaigh sé ar a rá, “Is olc an ghlúin í an ghlúin seo; bíonn sí ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar de chomhartha di ach comhartha Ióna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus nuair a bhí na sluaighte ina rith chuige, thoisigh sé a rádh: Is glúin mhalluighthe an ghlúin seo; iarrann sí cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus nuair do bhí na sluaighte ag cruinniú chuige, do thosnuigh sé ar a rádh leo, Droch‐chineadh is eadh an cineadh so: atá sé ag tóraidheacht cómhartha; agus ní tabharfar cómhartha dhó acht cómhartha Iónáis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do chruinnidh an sluágh go tiúgh chuige, do thionsgain sé a rádh. As olc an cineadh so: iárraidh sé comhartha; agus ní tiubharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónas fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:29
19 Tagairtí Cros  

Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’


Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití:


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”


Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.


ionas go n‑éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,


Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.


D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”


D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”


Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?


Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.


Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí