Lúcás 10:35 - An Bíobla Naofa 198135 Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)35 Agus lá arna mhárach thóg sé dhá dhéanar gur thug dʼfhear an teach ósta iad, á rá, ‘Tabhair aire dó; agus cibé rud eile a chaithfeas tú air, íocfaidh mé as leat nuair a fhillfeas mé.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara35 Agus lá ar n-a bhárach, tharraing sé amach dhá phighinn, agus thug do’n óstóir iad, ag rádh: Tabhair aire dó, agus cibé a chaithfeas tú ós a chionn seo, díolfaidh mise leat é nuair a phillfeas mé. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)35 Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)35 Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)35 Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201235 Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ Féach an chaibidil |