Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 40:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Deir glór: “Glaoigh!” agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?” - “Tá an uile fheoil mar an féar agus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 A dubhairt an guth, Fúaguir. Agus a dubhairt seision, Cred fhuaigeoras mé? Is féur a nuile fheoil, agus atá a mhaith uile mar bhláth an mhachaire:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 40:6
17 Tagairtí Cros  

A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -


de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.


Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.


Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.


Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?


Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.


“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.


Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ‘Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.’


Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!


Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí