Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do truáilleadh an talamh mar an ccéadna faói na dhúthchusaibh; do chionn gur sháruigheadar an dligheadh, gur áthruigheadar an tordugh, bhriseadar an cunnradh siorruidh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:5
49 Tagairtí Cros  

Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?


seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: ‘Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi.


mar rinne siad an t‑olc i m'fhianaise agus d'adhain siad m'fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.’ ”


Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.


Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób, ina chonradh d'Iosrael go brách,


Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm.


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.


Tá na bealaí móra tréigthe, níl aon duine ag taisteal na mbóithre. Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe, ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.


Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.


Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh;


Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.


de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.


Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo.


Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm.


Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.


Fad a fhágfar bánaithe é, beidh suaimhneas aige, rud nach raibh aige le linn bhur sabóidíse nuair a bhí cónaí oraibh ann.


“Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!” Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.


“Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé, agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu. Óir is ál fealltach iad, clann gan dílseacht iontu.”


Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,


Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.


Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”


Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí