Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí, tá an domhan ag meath agus in ísle brí, tá neamh agus talamh ag meath.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Caóidhigh an talamh agus seargaidh sé, anbhfainnigh an domhan agus meathaidh sé, anbhfuinnighid daóine móra an domhuin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:4
12 Tagairtí Cros  

An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir, agus abhus ar talamh ríthe na talún.


Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d'ordaigh an Tiarna.


Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!


Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.


Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.


Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t‑arbhar agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí