Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Uimesin do shluig mallughadh an talamh, agus an luchd áitreabhus ann atáid dúbhach: uimesin do loisgeadh dúthchusaigh na talmhan, agus is beag do dhaoimbh do fágbhadh dhíobh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:6
28 Tagairtí Cros  

Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


D'fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort.


Déanfar barrach den duine teann agus lasóg dá shaothar. Loiscfear iad i dteannta a chéile agus ní bheidh duine ann lena múchadh.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha... Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm, ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.


Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.


Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.


Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós; slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe, gach aon ag alpadh feoil a chomharsan.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua - Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.


Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad.


Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.


Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.


Tá mallacht agus eascaine curtha oraibh toisc go ndéanann sibh, an pobal seo agaibhse ina iomláine, calaois orm.


D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”


Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.


Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,


Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia.


Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.


Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí