Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Óir dúirt sé: “Le neart mo láimhe a rinne mé é, agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna: chuir mé críocha náisiún ar ceal, agus rinne mé slad ar a stór. Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Oir a déara sé, Lé neart mo lámh do rinne mé é, agus lé mo ghliocus; óir atáim glic: agus dáthruigh mé téora na ndaoine, agus do shlad mé a nionnmhus, agus dol chuir mé síos na dúthchusaigh amhuil duine cródha.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:13
31 Tagairtí Cros  

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.


Thóg Áchaz a raibh d'airgead agus d'ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre.


Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.


Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Agus thug Hiziciá a raibh d'airgead i dTeampall an Tiarna agus i gcistí phálás an rí dó.


nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.


Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.


Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.


Bhí sé ag rá: “Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir? Nach ionann iad Calno agus Cairceimis?


Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!


Airiú, nach í an Éigipt a d'éirigh ar nós na Níle agus a huiscí ar fiuchadh mar thuile. ‘Éireoidh mé,’ ar sí, ‘agus báfaidh mé an talamh; scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí!


Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne, agus réidh chun cogaidh’?


Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;


“A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: ‘Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,’


Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’


Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!


Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc, a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.


Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.


Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.


Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.


Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”


Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’


Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m'aghaidh, á rá: ‘Neart mo láimhe féin a d'fhuascail mé.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí