Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 10:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus fuáir mo lámh amhuil nead, saidhbhrios an phobail: agus mar chruinnighios neach uighe do fágbhadh, do chruinnigh mé an talamh uile; agus ní raibh neach do chorruidh an sciathán, nó dfoscuil an béul, nó do phiobuidh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:14
14 Tagairtí Cros  

Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse?


Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?


Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.


an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos.


Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche; thriomaigh mé le bonn mo choise srutháin na hÉigipte go léir.


Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!


Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.


Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t‑uisce ag rith as. “Stadaigí, stadaigí!” Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí