Íseáia 10:12 - An Bíobla Naofa 198112 Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Uimesin tiucfa a ccrích, a nuáir chriochnochus an Tighearna a obair iomlán ar shliabh Sion agus ar Ierusalem, diogholuidh mé toradh an chroidhe uáibhrigh ar rígh na Hassiria, agus glóir a radhairc aird. Féach an chaibidil |
As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n‑uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól.