Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:45 - An Bíobla Naofa 1981

45 Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Do sheasadar fa dhíon Hesbon an drong do theith tre ainneart: acht tiucfuidh teine amach as Hesbon, agus a sair as lár Sihon, agus loisgfidh sí cuáinne Mhóab, agus coróin chinn na ndaóine cceannairgeach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:45
12 Tagairtí Cros  

Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.


Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha; níor chuala a maighdeana laoi na bainise;


Bhearr muintir Nof agus Thachpanaes fiú baithis do chinn!


Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.


teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb agus dófaidh sí páláis Chiríot, éagfaidh Móáb le linn an chlampair, le linn gártha agus fuaim an trumpa;


Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.


Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá:


Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.


Óir tháinig tine as Heisbeon, lasair as chathair Shíochon. D'alp sí Ár Mhóáb, agus shlog sí arda Arnón.


Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.


Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.


Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí