Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:46 - An Bíobla Naofa 1981

46 Is mairg thú, a Mhóáb! A phobal Chamóis, tá sibh caillte! óir seoladh do chlann mhac chun deoraíochta, agus tógadh i láimh do chlann iníonacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 A mhairg dhuit, a Mhóab, atá pobal Chemos ar na milleadh: óir do gabhadh do mhic a mbraighdionas, agus hingheana a láimhdeachus.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:46
7 Tagairtí Cros  

Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.


Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.


Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.


Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.


Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.


Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí