Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 An té theithios ó neagla tuitfidh sé annsa nuáigh; agus an té thiucfas a níos as an bpoll géabhthar san phaintéar é: óir do bhéara misi air, eadhon air Mhóab, blíadhuin a ccúartuighthe, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:44
22 Tagairtí Cros  

Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad.


Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.


Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?


Scéin agus clais agus gaiste is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!


An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.”


“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.


Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana - an Tiarna a labhraíonn.


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán! Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau, nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.


[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.


Maraígí a daimh uile; síos leo go dtí an seamlas! Mairg dóibh, tá a lá tagtha, aimsir a gcuarta.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.


Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn, léirscrios agus lot.


Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí