Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír, féuch, tiucfaid na laéthe, a deir an TIGHEARNA; a ttiubhra misi ár ais braighdeanus mo phobail Israel agus Iúdah, a deir an TIGHEARNA: agus do bhéara mé orrá filleadh don tír thug mé da naithribh, agus sealbhochuid síad í.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:3
45 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim.


A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas.


Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.


Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, mar shruthanna sa Neigib.


Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.


ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”


Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo.


Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.


Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.


Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.


Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.


Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):


Is mar seo a deir an Tiarna: Éirígí as bhur gcaoineadh, triomaígí bhur súile; déanfar bhur saothar a chúiteamh - an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.


Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.


Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”


Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.


Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a thabharfaidh mé go tír Iosrael sibh, an tír a mhionnaigh mé a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha.


Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír.


Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais.


Roinnfidh sibh é cothrom; mhionnaigh mé an tír a bhronnadh ar bhur n‑aithreacha agus titfidh sé oraibh mar oidhreacht.


“Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht; beidh taibhrimh ag bhur seanóirí agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.


Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.


An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin. Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh i measc ciníocha uile an domhain, nuair a rathóidh mé sibh arís faoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.


Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é.


Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;


“A bhfuil le feiceáil ansin agaibh - tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”


ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.


agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh d'aithreacha d'fhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar d'aithreacha.


Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: “Féach! a deir an Tiarna, tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí