Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is marso labhras an TIGHEARNA Día Israel, gha rádh, Scríobh dhuit na huile bhríathra do labhair mé riot a leabhar.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:2
19 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”


Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan:


Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz.


Tabharfaidh mé ar an tír sin na briathra go léir a labhair mé ina haghaidh, an uile ní dá bhfuil scríofa sa leabhar seo.”


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna.


“Glac chugat scrolla eile agus scríobh síos na briathra uile úd a bhí sa chéad scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá.


Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.


Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.


Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n‑aoiseanna.


“Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael.


Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.


á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”


Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí